Skip to content

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Foghlaim Tuilleadh

Pleanáil don tSraith Shóisearach Staidéar Gnó

Dearadh staidéar gnó na sraithe sóisearaí d’íosmhéid 200 uair an chloig de rannpháirtíocht an scoláire ar an gclár ama thar thrí bliana na sraithe sóisearaí. Socrófar na Measúnuithe Rangbhunaithe ag leibhéal comónta agus beidh an measúnú deireanach, a mheasfar go seachtrach, ag leibhéal comónta freisin.

Agus an cúrsa á phleanáil, cuirfidh an múinteoir san áireamh an gá atá le réimse leathan deiseanna a sholáthar ionas go mbeidh eispéiris foghlama bhríocha agus spreagúla ag an scoláire trí réimse leathan comhthéacsanna. Is timpeallacht dhinimiciúil í an timpeallacht ghnó, agus ba chóir go mbeadh tagairtí comhaimseartha don ghnó agus do chúrsaí reatha i seomra ranga an ghnó.

Le linn na pleanála, is gá go gcuirfí dul chun cinn i gcúrsaí curaclaim san áireamh i dtaca le forbairt scileanna agus le forbairt an eolais agus na tuisceana ar na bun‑choincheapa. Is féidir leis an múinteoir a phleanáil go ndíreofar ar phríomhscileanna a fhorbairt trí ghníomhaíochtaí scoláire‑lárnacha, agus a aithint nach gá go bhforbródh an scoláire an réimse iomlán príomhscileanna in aon ghníomhaíocht amháin ar bith Is féidir deiseanna le haghaidh gníomhaíochtaí níos mionsonraithe agus níos cuimsithí a thabhairt isteach nuair a bheidh an mhuinín agus an cumas forbartha ag an scoláire chun príomhscileanna a chur i bhfeidhm i suíomhanna foghlama a bhíonn ag síordhul i gcastacht. Ba chóir go gcuirfí ar chumas gach scoláire, go háirithe iad siúd a bhfuil sainriachtanas fisiceach nó foghlama acu, páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí foghlama an staidéir gnó i gcuideachta a bpiaraí ag an leibhéal oiriúnach agus le haird chuí ar na riachtanais sláinte agus sábháilteachta.

Is féidir leis an staidéar gnó a chur ar chumas an scoláire leanúint dá chuid ábhair spéise phearsanta. Tá sé d’aidhm ag an tsonraíocht seo cothromaíocht a bhaint amach idir doimhneacht agus leithead an ábhair. Tugann sé sin dóthain saoirse don mhúinteoir chun an fhoghlaim a éascú ar bhealach a léiríonn roghanna, fiosracht agus meon fiontraíoch an scoláire féin. Ba chóir gnóthachtáil na dtorthaí foghlama a phleanáil ar bhealach atá gníomhach, spreagúil agus a fhreagraíonn dáiríre do thaithí an scoláire ar an bhfíorshaol. 

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.